Language group’s record bid with longest-ever Irish sentence

A group of Irish language learners in Mullingar are thinking of contacting the Guinness Book of Records, after writing what they believe is the longest Irish-language sentence ever written.

“It’s 683 words wrong!” said Matt Nolan, who is teaching Gaeilge to 20 learners at Áras an Mhuilinn on Tuesday nights.

The sentence, Joycean in style, recalls an eventful dream involving yellow tractors, unlicensed dogs, and Jimmy Buckley from Buckley’s supermarket entertaining some children inadvertently left in his shop.

“Each of them contributed bits to it, and we went around the group a few times,” says Matt. “It won’t win any prizes for literature, but we believe it is the longest sentence ever written in Irish.”

The novel exercise was carried out to mark Seachtain na Gaeilge:

Chuaigh mé go dtí an Muileann gCearr lá amháin agus chonaic mé siopa mór Buckleys i lár an bhaile agus chuaigh mé isteach ann agus cheannaigh mé milseáin, deochanna uisce agus arán agus ansin chuaigh mé amach as an siopa agus chonaic mé páistí ag imirt san ionad spóirt taobh amuigh agus chuir mé mo mhála siopadóireachta isteach sa charr agus ag an am céanna chonaic mé tarracóir buí agus rith an smaoineamh liom faoi cá mbeadh an tarracóir ag dul, shíl mé go raibh sé ag dul amach faoin tuath chun obair sadhlais a dhéanamh do m’fhear chéile agus ansin shuigh mé sa charr agus thiomáin mé abhaile agus chuala mé torann “ruaille buaille” istigh i mo theach agus bhí mo mhadra mór dubh ag ithe na mbláthanna sa ghairdín taobh amuigh de mo theach agus ghlaoigh mé ar na gardaí le mo fón poca agus nuair a d’fhéach mé amach an fhuinneog sa charr bhí na gardaí ag teacht agus lig mé isteach sa teach iad agus ansin thosaigh an madra ag léim ar na gardaí agus d’fhiafraigh an garda díom an raibh ceadúnas ar bith agam don madra agus dúirt mé leis nach raibh ceadúnas agam don madra, ansin cheap mé go tobann go raibh mo pháiste fágtha agam i siopa Buckley’s i lár bhaile mhóir an Mhuileann gCearr ach bhí an garda ag an bpointe seo ag tógáil a leabhar nótaí as a phóca ach ag an am céanna bhí mo ghuthán ag fáil glaoch ó Buckleys chun a rá liom arís go raibh mo pháiste ag caoineadh agus nach raibh siad in ann é a choinneáil faoi smacht ach d’fhiafraigh an garda díom cén dath a bhí ar chóta mo pháiste agus d’fhreagair mé nach raibh a fhios agam agus ansin dúirt sé liom go raibh sé chun mé a tógáil go dtí an beairic, chun mé a cheistiú ach chuir mé ceist air ansin ar mhaith leis cupán tae agus bonnóg agus thosaigh mé ag caoineadh nuair a shíl mé nach raibh ceadúnas agam ar mo charr taobh amuigh den teach ach an oiread agus ansin chuir mé ceist ar an ngarda, faoi cén uair a mbeadh sé ag críochnú a lá oibre agus dúirt an garda liom, gurb é an té a bhí ag cur na gceisteanna an lá sin, agus ansin rith mé amach an doras agus thiomáin mé isteach go dtí Buckley’s agus díreach istigh sa siopa chuala mé mo pháiste ag gáire, mar bhí an bainisteoir Jimmy Buckley ag spraoi leis agus thóg mé buidéal bainne as mo mhála ach dúirt mo pháiste liom go raibh sé ag iarraidh roinnt milseáin a fháil agus níor theastaigh uaidh teacht abhaile liom agus ansin mé cheannaigh sé milseáin dó chun é a shásamh ach ag an am céanna dúirt Jimmy go raibh na Gardaí ag iarraidh mé a ghabháil agus mé a thabhairt go dtí an Bheairic agus ansin chonaic mé an fear leis an tarracóir agus bhí cnag ar an doras agus tháinig na gardaí isteach sa siopa agus go tobann dhúisigh mé as mo chodladh agus mé i mo luí ar mo leaba sa bhaile agus léim mé amach as an leaba agus thiomáin mé isteach sa bhaile mór agus d’fhiafraigh mé de Jimmy Buckley ar raibh an “off-licence” oscailte aige, mar theastaigh gloine fuisce uaim go práinneach ach go príobháideach theastaigh trí ghloine fuisce uaim, ach dúirt Jimmy nach raibh aon fuisce aige agus rith an paiste ar nós na gaoithe go dtí an tarracóir buí agus ansin d’fhág mé mo lámh ar bhuidéal fuisce agus bhuail mé an garda leis ach níorbh fuisce a bhí ann ach buidéal poitín agus chas mé thart go tobann agus thit mé ar urlár an tsiopa agus bhris mé mo rúitín agus ansin ghlaoigh Jimmy Buckley ar an otharcharr agus mé chráite le pian agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá úd nó ar Jimmy Buckley agus tógadh isteach san ionad éigeandála mé san ospidéal agus chuala mé Shane McGowan ag canadh The Fairytale of New York agus bhí mé sásta ansin.