Prizegiving event for National School Drama Festival 2026
The winners of the National School Drama Festival were celebrated at a special prizegiving event on Thursday May 7 at the Clasac Centre, Clontarf, Dublin.
The successful festival, held at Mullingar Arts Centre over the last two weeks of April, featured more than 40 plays. They included a mix of musicals, newly written plays and well known productions performed by primary schools, post-primary schools, and youth groups from across the country.
Plaques in recognition of the work, creativity and dedication of the students was presented to every school and youth group that took part in the festival.
“Congratulations to all the teachers, students and youth groups that took part.” said Muireann Ní Dhroighneáin, national coordinator of Performing Arts for An tOireachtas.
“We would like to thank the Cumann Scoildrámaíochta for the work they do year after year with schools across the country.
“We also thank the staff from Mullingar Arts Centre for their warm welcome and valuable support throughout the festival.
“We were delighted to see such excellent plays on stage this year from all the schools and youth groups.”
----------------
Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta ag ócáid bhronnta speisialta ar an Déardaoin, 7 Bealtaine 2026 in Ionad an Chlasac, Cluain Tarbh, Átha Cliath.
Léiríodh breis agus dhá scór dráma ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2026, a reáchtáladh in Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, na hIarmhí, an tseachtain dheiridh de mhí Aibreáin. Bhí an rath ar an bhféile agus réimse leathan léirithe ar stáitse, idir dhrámaí, cheoldrámaí, shaothair aitheanta agus drámaí nua-scríofa. Bhí bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ógeagrais páirteach sa cheiliúradh náisiúnta seo ar an drámaíocht.
Bronnadh plaic aitheantais ar gach scoil agus ar gach ógeagras a ghlac páirt san fhéile mar aitheantas ar a ndíograis, a gcruthaitheacht agus a gcuid iarrachtaí.
“Comhghairdeas ó chroí leis na múinteoirí, leis na daltaí, le pobail na scoileanna agus leis na hógeagraíochtaí ar fad,” a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais.
“Gabhaimid buíochas leis an gCumann Scoildrámaíochta as an obair iontach a dhéanann siad bliain i ndiaidh bliana le scoileanna na tíre. Gabhaimid buíochas freisin le foireann Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr as a bhfáilte chroíúil agus as an tacaíocht luachmhar a thug siad chun an fhéile a chur i gcrích.
"Tá éacht déanta ag na scoileanna agus ba mhór againn a gcuid léirithe a fheiceáil ar stáitse i mbliana."